Scoil: Árd an Rátha (uimhir rolla 1733 or 12242)
- Suíomh:
- Ard an Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Caiside
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 315](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1041%2FCBES_1041_315.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 315
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd an Rátha
- XML Leathanach 315
- XML “Máire an Chúil Bhuí”
- XML “Casadh an tSúgáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)II
Nuair a théidhimsa go taigh na cuairte ní a déanamh suairceas a théidhim ann
Acht ar acht buaileadh suas le mo stuagh cailín donn
A's a Ríogh nach mé'n trúaighe go bhfuil an rúaig orm as gach tom
Ó! gur fada liom go rabh mé a' gluaiseacht le mo rún-searc fa'n choill
III
Sláinte romhat a Neillí céad fáilte romhat a Bhrighid
Sláinte roimh an deagh-mnaoi ar siubhal mé léithe i dtús mo shaoghail
Nuair a théidhimsa amach 'na' gháiridh tig dólus orm faraor
Ag smaointeadh ar aoibh an gháire bhíos ar ghradh gheal mo chroidhe
IV
Dá mbéadh litir ó'n Rígh agam sgríobhtha ann mo dhorn
Le mé pósadh ar an Sweetheart atá ar an taobh seo de'n Bhaile Mhór
Mar bhí sí ladhach croidheamhail agus dúil aice anns an spórt
Acht anois tá an pósadh déanta a's mo bheannacht fhéin leis an taos óg. - Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Seán Ó Caiside
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Conn Mac a Ghoill
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Áighe, Co. Dhún na nGall