Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bríg nó an réasún a bhi leis an t-ainm sin. Dubhairt seisean am ar bit a gcuiridh mé mó mhear i mó bheal agus dheanfaidh mé fead cluinidh an uile dhuine fríd Éireann mé. “Bhal” arsa Fionn béidh tú an fheamhal agam-sa agus bhearfaidh mé liom thú”.
D’imthigh siad annsin agus casadh fear beag eile ortha. D’fhiosruigh sé de Fhionn an dtabhairfeadh sé leis é agus d‘fiosruigh
Fionn dó caidé’n t-ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Slios Mhac Slios a bhí air. “Caidé ‘n bríg nó an réasún atá leis an t-ainm sin” arsa Fionn. “Tá” arsa an fear beag, “ma bheireann tú cipín bata domh dheanaidh mé long de”. “Bhal” arsa Fionn béidh tú an fheamhail agam-sa agus bhearfaidh mé liom thú”. Annsin d’imthigh siad leobhtha gur casadh fear beag eile ortha. D’fiosruigh sé sin de Fionn an dtabhairfeadh sé leis é. D’fhiosruigh Fionn de caidé an t-ainm a bhí air agus dubhairt sé gur Neart Mhac Neart a bhí air. “Caidé’n brigh nó an réasún atá leis an t-ainm sin”, arsa Fionn. “Tá” arsa an fear beag, “an long a dheanas Slios Mhac Slios thig liom-sa í a iomchur fhad le cuan ar bith ar an domhan”. “Bhal” arsa Fionn, “béidh tú an fheamail agam-sa agus bhearfaidh mé liom thú”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairead Nic Amhlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Beirn
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall