Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an casan agat – sa. Ní luaithe bhí raitthe nach rabh deanta bhí sé i na seabhach agus d’imtigh sé ag eiteal. Thainic sí asteach annsin agus tugh sí leithe x inghean an Rí bhí an fear ag siubhal thart agus bhí eagla ar dul abhaile. Sa deireadh chuaidh sé isteach i dteach bhí sean bean ins an cludaigh. A rogaire arsa sise marbuigh tú mo thiuir mach acht muirfig mise thusa anois.
An chead fasgadh tug sé do lubh sí a dhruim. Is truagh nach bfuil mise mo leamhan go tiubhrinn fasgad duit – se arsa an fhear aith rinne an bean lachainn duithe féin ag d’imtigh sé. Is truagh nach bhfuil mise mo sheabhac go leanainn tú chuaidh an lachann asteach i (sgealpaip) b’poll agus lean an seabach i. Bheir an seabach greim uirthi agus bheir sé uibh agus bhí eocaracha na coilleadh ins an uibh. Chuaidh sé fhad leis an caislean agus fuair sé a bhean féin agus tiúir mach an t-sean dhuine. Chuir sé abhaile iad agus thug sé mála ór agus n airgead dó’n uile duine aca agus chomnuide sé féin agus a bhean go sonach sásta ó sin amach.- Bailitheoir
- Toireasa Nic Amlaoibh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brian Ó Eighceartaigh
- Gaol
- Duine neamhghaolta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bogach, Co. Dhún na nGall