Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)
- Suíomh:
- Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brian Ó Breisleáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Straleel
- XML Leathanach 57
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhe neamh shaoghalta.
Ní raibh mórán ainmhidhe neamh shaoghalta sa cheanntar seo de réir tuairisge. Chualaidh mé go raibh each-uisge i loch na mBradán tá fad’ ó shoin. Bhí dath donn air agus thigeadh sé anuas fhad le Glas-na-Naomh go minic. Is minic a chonnaic na daoine é. Bhí searrach ag Seán Ó’Domhnaill i gCróibh a bhí de phór an each uisge sin. Ní raibh deifir ar bith idir é fhéin agus searrach ar bith eile acht an eile uair a mbíodh sé ag dul trasna uisge acht go bé go mbíod greim maith ag Seán ar an sreín luighfeadh sé síos ‘san uisge. Bhí an searrach sin aige gur stiog sé. (Fuair Seán Ó’Domhnaill bas fá tuairm 60 bliadháin ó shoin.
Bhí each uisge eile i loch Each Sliabh Liag. Chonnaic Brian Ó’Domhnaill a’s Sráth na Circe é. Tá Brian marbh le 50 bliadhain. Acht tá mhac Brian óg beo go foill tá seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Dochartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Charraig, Co. Dhún na nGall