Scoil: Straleel (uimhir rolla 16033)

Suíomh:
Srath Laoill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brian Ó Breisleáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 74

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1043, Leathanach 74

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Straleel
  2. XML Leathanach 74
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    (19) Dá bhfuigtea driucht lá bealtaine agus dó laimé an nighe ann thiochfadh leat arnain snat ar bith a reidhteach.
    (20) Daoine a bhios ag deanamh poitín caithinn siad an cead trí bhraon ar shiubhal nó deirtear muna ndéanadh nach mbéadh rath ar bith ar an chuid eile.
    (21(Dá mbéadh sleamhnan ar dó shúil agus tú [naoi?] dealg dé crann spianeoige a fhaghail agus iad a chuimilt air bhéadh biseach air.
    (22) Dá bhfeictea snag breac amháin ní bhéadh adh ar bith ort.
    (23) Deir daoine mar choir a ghabhail amach a buachailleacht gan éadach dearg a bheith ort ar eagla go ndéanfaidh droch amharc ar na ba.
    (24) Dá bbéadh dreimre suas le teach nó claidhe deirtear nach bhfuil sé adhamail dhul faoi.
    (25) Dá dtiocfadh duine un toighe agus fhad agus bhéadh sé astoigh tú an doras a bhí fosgailte a dhruid agus on ceann eile a fhosgladh bá choir duit an ceann ar a dtainig sé isteach a fhosgladh agus é a leigin amach.
    (26) Deirtear nach cóir aobhleog a b’aint as an teine gan fód a cur a cur i na áit.
    (27) Deirtear nuair a teidfea an gealach úr ar tús agus tú ball dó dó cuid éadaigh a tionntadh go bhfuightea prionntanas sul a mbéadh an gealach coithte.
    (28) Dá mbéadh bó agat a bhéadh caithte agus tú
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairead Nic Amhlaoibh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Bogach, Co. Dhún na nGall