Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Léon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- [Níor foillsíodh an cuid dhíubh seo don M8] SÓD 23/11/36
Sean Ráidte (ó pháistibh scoile)
Níl coill ar bith nach bhfuil a loscadh féin críon inntí.
Is fuar feann an fhuil nach dtéitheann.
Sháraigh ar an roilleach an dhá thráigh a fhreastail
Is maith an tiomanaidhe an fear bhíos ar a chlaidhe.
Bain de’n [choigil] mhéile agus cur ar a’ghríosaigh é.
Is fearr maol ná bheith gan ceann.
Is fearr eiteadh mná ná eiteadh speile lá foghmhair!
Ní le duine é féin a ghnídhtear an aith-iomrádh.
Aisling ar ár mian/Comhrádh na colpaigh/is fada leanas an ruaidhe.
Tá deireadh na gcoinní sa [ghloine].
Deireadh [g]ach chuirim an cáineadh/ Deireadh [g]ach ath an loscadh/ Deireadh [g]ach loingeas an báthadh/ Deireadh [g]ach shláinte an osna.
Tomhas: bunnóg aráin agus [bruidhlín] brioscar. Freagra: an ghealach [is] na réaltógaí.
I gcosa con bhíos a chuid.