Scoil: Málainn Mhór (uimhir rolla 15991)
- Suíomh:
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Ó Beirn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Málainn Mhór
- XML Leathanach 337
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhí Fláith Chathal ar a sheachnadh fríd an tír, tháinig sé go dtí Gleann Colmcille, d'fhan sé annsin tamall beag agus d'imthigh sé suas go dtí Meenacroise. Chuaidh sé isteach i dteach annsin. Deirtear go rabh leath-phunta tae leis agus go dtug sé é do bhean an toighe. Bhruith seisean sa phóta é. Nuair a bhí sé bruithe choinnigh sí na duilleogaí chuir sí giota im ortha thug dó iad. Fuair sé sgéal go rabh long ag fanacht air i nGleann Locha. D'imthigh sé leis go dtí Gleann Locha.
Nuair a shroich sé an áit sin bhí an long ag fanacht leis. Deirtear gur fhág sé lorg a shál ins an bhruach ag gabhail síos do, agus go bhfuil sé ann ó'n lá sin go dtí'n lá indiu.
D'imthigh sé siar go dtí an Fhrainnc annsin agus fuair sé bás annsin.Máire Brighid Ní h-Éigin
Málainn Mhóir
Leithbhearr
Co. Dhún na nGall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Brighid Ní h-Éigín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Conall Mac Giolla Easpóigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Málainn Mhóir, Co. Dhún na nGall