Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Luacháin
- XML Leathanach 111
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Muire agus Íosa ag siubhal an bhealaigh mhóir lá amháin. Tháinig siad fhad le teach agus diarr Íosa ar Mhuire dul isteach agus déirce a iarraidh. Chuaidh sí isteach agus diarr gráinín cruithneachta acht diúltuigheadh í. Tháinig sí amach agus dinnis seo do Íosa. Diarr Íosa uirthi dul isteach agus é a iarraidh in ainm Dé. Chuaidh sí isteach arais acht diúlthuigheadh í. Tháinig sí amach agus dinnis seo do Íosa. Diarr Íosa uirthi i mbucáid uisge agus a láimh a chuir isteach agus leig bean an toighe bí seo a dheánamh. Thainig sí amach agus gan acht an méid a bhí greamuighthe do'n láimh léithe.
Shiubhail siad leo agus nuair a damharc siad thart, bhí sgaifte diabhal ag tarraingt ar an teach a bfág siad. Bhí eagla ar an Mhaighdeán Mhuire. Acht dubhairt Íosa nach dtiocfhadh leis na diabhail buadh a fhaghail uirthí fhad is thug sí deirce ar bith uaithe. Tháinig siad go muileann agus diarr Íosa ar an Maighdeán Mhuire dul isteach agus an grainín cruithneachta a bhí leithe a fhaghail meilte. Chuaidh, agus nuair a chonnaic an gasúr a bhí ag coimhead an mhuilinn an mhéid cruithneachta a bhí leithe thoisigh sé ag gáiridhe agus dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Nic Eitiogán
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Anna Bean Uí Bhreasláin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall