Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Luacháin
- XML Leathanach 134
- XML “Peadar Grifín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhithear ag caitheamh na ndaoine amach as a a gcuid talta í n-aimsear na dthighearnaí talaimh i bhfad o shoin a rinneadh banughad ar Gleann Bheata, Gleann deas aoibhinn atá comgharach do Ghartan an áit a rugadh Colmcille. Ba é an tighearna talaimh a bhí ar Gleann Bheatha nuair a caitheadh iomlán amach is a gaid taltaí ná bean darb’ ainm Lady O Dare. Deartear gurbh é a sín an lá a ba léanmhara da rabh ins an chonndae seo ariamh.
Chosgrochadh sé crainn agus clocha na daoine a fheiceáil ag fágail na h-áite an mhaidin sin agus an gháir chaoinnte a bhí aca. An méid aca a bhí ábalta imhteacht as an tír dimthigh siad go Meiriceá. Chuaidh an sagart cluimhail sin An t-athair Séamus Mac Phaidin leobhtha go Doire go bhfeiceadh sé ar an bhád iad. Acht bhí cuid mhór aca nach raibh í n-innibh dhul mhar bhí siad aosta agus bréoidhte idir mná agus páisti aca. Ba bheag aca seo a chuaidh go teach na mbocht nó bhí fuath ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhaoghaill
- Inscne
- Baineann