Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí lánamhain ná g-comhnuidhe in iochtar Baoighleach agus ní rabh clann ar bith acá. Maghnus an t-ainm a bhí ar an fhear agus Bríghid an t-ainm a bhí ar an mnaoí. Chuaidh Maghnus go h-aonach A, Ratha agus cheannuigh se banbh. Bhí Brighid íongantan maith don bhanbh agus thug sí a cuid go maith duithe. I dtrí mhí cuaidh Maghnus go A’Ratha agus díol sé í agus fuair se luach maith uirthí. D’ol sé gloine nuair a fuair se luach maith (uirthi) ar an bhanbh. Shil se go rabh an t-uisge beatha maith agus d’ol sé ceann eile. Annsin cheannuigh sé tae agus siúcra agus arán do Bhrighíd. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an bhaile cualaidh sé sgaifte ag scairtigh, Gearrán damhsa, Gearran damhsa go dtainic deich ngearran amach. Nuair a bhí an t-uisge beatha ólta ag Maghnus scairt sé Gearran damhsa. Fuair se an gearran agus dimthigh se leis i g-cuideachta ná ndaoiní eile. Dimthigh siad leo gur sroich siad an Róimh. Dfiafruigh Maghnus daobhtha ca rabh sé. Dinnis siad dó go rabh siad ins an Roimh. Dubhairt sé “tá gnoithe maith mór agam annseo no tá an t-Athair O(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peg Nig Eiteigin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Briosláin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Srath Buí, Co. Dhún na nGall