Scoil: Doire Luacháin (uimhir rolla 10661)
- Suíomh:
- Doire Luacháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Bhaoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)acht ma thoisigh fhéin chaill Jack a chuid airgid uilig agus b’éigean do stad de na cardaí. Dimtigh Jack bocht amach agus smaoitigh sé in a inntin fhein go mbfhéidir go mbainfhead sé a chuid airgid arais agus tuilleadh airgid le na chois da n-díolfhadh sé a chapall agus a thrucall agus a dhul isteach arais a d’imirt cárdaí.
Rinne Jack seo go n-amaideach acht níor éirigh do go maith an iarraidh seo acht oiread. Dimthigh sé anois agus dinnis deireadh fa dtaoibh de’ bhean na gcardaí do a chuid dearbrathaireacha. Thug siadsan dó an t-airgead a fuair siad ar a gcuid arbhair fhein agus diarr siad air dhul isteach a chearrbhocas airís ná ní raibh (siad) fhios go raibh draoidheachta ag an chaillighe le airgead a bhaint ag cearrbhochas.
Chuaidh Jack isteach chuig chailleach na g-cardaí airís agus thoisigh sé a chearrbhochas leithe an tríomhadh h-uair. Acht ma rinne, chaill sé an t-airgead a bhí aige an iarraidh seo airís.
Dhiol a chuid dearbrathaireacha a gcuid caiple agus trucaill agus an t-airgead a fuair siad ortha thug siad do Jack é.
Bhí athas ar Jack amaideach nuair a fuair sé an t-airgead agus arsa seisean leis fhein “geobhaidh me buaidh na caillighe comh cinnte as tá grian(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Dochartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 30
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)