Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 174
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann aon uair amháin agus ní raibh aige ach aon bhó amháin. Gabha a bhí ins an fhear seo, agus lá amháin tháinig triúr fear isteach chuige fá coinne claidheamach a fhághail déanta. Sul ar thoisigh an gabha a dhéanamh na gclaidheamhthach dubhairt sé leo go gcaithfeadh gach duine aca an bhó a choimhead ar a seal. Ba é an t-ainm a bhí ortha, Fionn ar an chead fhear, Donn ar an dara fear agus Dubhar an tríomhadh fear.
Nuair a thoisigh an gabha a dheanamh claidheamh an chead fhir chuaidh sé amach a choimhead na bó go raibh an claidheamh fhéin déanta. Chuaidh an dara fear amach a choimhead na bó go raibh a cheann fhéin deánta. Chuaidh an tríomhadh fear amach a coimhead ach sul ar imthigh sé phill sé isteach arais a iarraidh air a cheann fhéin a dhéanamh níos eadtroma na nach raibh sé ina fhear comh bréagh leis an bheirt eile, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Magnus Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall