Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 381
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-uaisle giní a thabhairt do gach Domhnach. Acht, bhí rud ní ba mheasa na sin sa sgéal, d'éirigh an fear tinn agus bhí an bhean i gcruadh-chás no ní rabh fhios aici goidé a bhí aicí le déanamh. bhí an bás ag an fhear agus chaithfeadh sí an áit a fhágáil ar fad. Lá amháin dubhairt sí le muinntir an bhaile gur mhaith léithe bás a fhághail roimhe a fear. Da dtigeadh coileach isteach 'un toighe san tsean-am gan eiteóg ar bith ba é sin comhartha báis. Cuireadh coileach gan eitleóg isteach 'cuig an t-sean-mhnaoi agus d'aithin sise go rabh an bás aicí agus ar sise leis an coileach, "Siud thall é, siud thall é! ag innse do'n choileach gur chuig a fear a ba chóir do a gabhail. Sgairt an coileach trí h-uaire agus é ag amharc ar an tseanduine a bhí ina luighe ar an leabaidh.
D'iarr an fear deoch no go rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall