Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 391

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1056, Leathanach 391

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 391
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    scárthachaí.
    Dubhairt Paidín gur bean an toighe ba chionntuigh agus dubhairt bean an toighe gur Paidín a ba chionntuigh, gur thuit siad amach le ceile ma b'fhíor, "Más sin mar tá" arsa Paidín, is goirid go ndéanfaidh mise do ghnoithe. Thug sé sathadh de scín dí isteach ins an scrathóig agus thuit an bhean siar marbh, agus reath sruthan fola síos an t-urlár. "Bó, bó," arsa na ceannuidhthe, "tá sí marbh."
    "Ná sílídh a dhath de sin" arsa Paidín, "ní beidh mise i bhfad a déanamh beo arais."
    Fuair sé adharc agus thoisigh sé a sheideadh isteach i gcluais na mná, agus d'éirigh an bhean beo arais. Tháinig luthghair ar na ceannuidhthe agus ceannuigh siad an adharc ar dheich bpunta. D'imthigh siad agus an adharc leo ag tarraingt ar an bhaile. Chuaidh siad isteach go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    AT1551: The Wager that Sheep are Hogs
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Conall Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Séan Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall