Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 405
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le sin agus sin a rabh de.
Chuaidh an tríomhadh fear ar aghaidh gur casadh saor de agus dubhairt sé leis an tsaor gurbh' eisean an fear a bhí de dhíth air. Chuir an saor ceist air caidé rabh sé ar a lorg. "Tá mé ar lorg duine eiginteacht a bhfuil céard foghlumtha aige."
"Tá mo chéard foghluimghthe agam-sa, agus an ndeanfaidh sin gnaithe," arsa fear an tsiubhail.
"Bhal siubhail leat annseo," arsa an saor.
D'imthigh an heirt agus níor bhfada gur shroich siad teach neag a bhí ar fhód an bhealaigh mhóir. Annsin thoisigh siad a cruinniú cloch no go rabh a sáith cruinn aca le cró a dhéanamh. Thoisigh an saor agus rinn sé an cró agus d'fhan fear an tsiubhail ag coiméad air i rith an ama. Nuair a bhí sin déanta d'iarr an saor ar fhear an tsiubhail toiseacht agus a cró fhéin a dhéanamh. Thoisigh sé agus rinn sé leis no go rabh sé tuirseach. Shuidh sé síos a dhéanamh a sgíste agus nuair a bhí sin déanta aige thoisigh sé arais gur chríochnuigh sé é. Annsin d'fhág sé an cró agus chuaidh sé arais an bealach céadna a dtáinig sé. Nuair a tháinig siad go dtí an áit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Conall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séamas Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall