School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall Mac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 407](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1056%2FCBES_1056_407.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1056, Page 407
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín na Mánrach
- XML Page 407
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)le cuid eiteóg an éin sin agus go mbeadh a cuid pluc comh dearg le n-a cuid fola.
Annsin chuaidh sé go dtí an caisleán a bhí ag n-a athair agus d'innis do goide a bhí de dhíth air. Dubhairt an t-athair leis nach rabh seisean a stapadh. D'imthigh an prionnsa óg leis agus ní deachaidh sé i bhfad gur casadh fear do agus chuir sé ceist air an rabh fhios aige ca h-áit a rabh a leithéid de chailín agus d'iarr seisean air a ghabhail go dtí an áit a rabh. Rï an Domhain ina chomhnuidhe agus go rabh an cailín óg a bhí de dhíth air le fághail annsin.
D'imthigh an fear óg agus tharraing ar an áit a rabh Rí an Domhain ina chomhnuidhe. Ní deachaidh sé i bhfad ar a bhealach no gur casadh fear beag do a rabh éadach glas air. Chuir an fear beag ceist air cá raibh a thriall agus d'innis sé do. "Bhal," ar seisean, "mholfainn duit mise a thabhairt leat agus dhéanfaidh mé gar maith duit."
D'imthigh siad leo annsin agus stad mara no mór-chomhnuidhe ní tearn siad gur casadh fear daobhtha a rabh cos iarainn air agus thug siad cuireadh do-san a bheith ag teacht leo fost.(continues on next page)- Collector
- Conall Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Address
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Brighid Ní Gallchobhair
- Gender
- Female
- Age
- 59
- Address
- Leitir Catha, Co. Dhún na nGall