Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 441
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sin ann m'as fada a bhí, bhí gasúr ann agus fuair a athair agus a mháthair bás. Ní raibh fá choinne an duine boicht ach a dhul ar fastodh.
Rinne sé fastodh le feirmeoir a raibh cuid mhór eallaigh agus caorach aige. Bhí an feirmeoir posta ach ní rabh teaghlach ar bith ag an lamhain. Ba é an obair a bhí ar an ghasúr amuigh ag buachailleacht an eallaigh ó mhaidin go dtí'n oidhche. bhí saoghal uaigneach i gceart aige agus ba mhíle a ba mheasa a dhoigh de thairbhe de go raibh bean a' toighe ina droch cheann do. bhí an oiread sin de dhroch-mheas aicí ar an ghasúr agus go gcaithfeadh sí a chuid chuige ar leic na teineadh agus bhíodh aige leis an leac a nighe i gcomhnuidhe nuair bhí a chuid déanta aige. Agus sin a bhfuigheadh sé rith an lae, an teallachán preataí a gheobhadh sé ar maidin agus an rud ceudna nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Niall Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall