Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)
- Suíomh:
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Sgealp a' Mharcuis.Ibhfad, ibhfad o thoin bhí fear na chomhnuidhe thíos annsin imbeal na Cruite. Seán O Domhnaill a b'ainm do. Bhí sé pósta, agus ní rabh de chloinn ag é féin agus a mhnaoí acht an t-aon mac amháin darb ainm Marcus. Bhí droch dhóigh ar na creatúir dálta bunadhas na ndaoine san ám. Ní rabh aige acht cé'ar bíth a thogfadh sé ar an fheírm beag sgallta; se sin cupla mála no sac chóirce, agus dornán de phreataí nach rabh ionntú acht sgealláin. Nuair a bhuailadh sé cruach no dhó i dtús an gheimhridh, bheireadh sé sac den chóirce go dtí an mhuileann, bhí thuas ar an chlochán -liath, go ndeánfaidhe min-choirce do. Fhad agus mhairfeadh an min-choirce bhíodh brachán agus arán-choirce aca le na gcuid agus ma rabh báinne ag an bhó, bhí siad ar a sáimhin-sult, Sgoith iargaire a bhí ann a Sheán agus ni thainig an lá sin ariamh air nach rabh beathaidheach éisg le chuir san phóta. Bhíodh an t-iasg flúirseach go leór san ám sin eadar ballaín garbhanaigh, deargógaí, muirlis agus gach cineal éisg. Deirtear go rabh an t-iasg go fairsing an uair sin agus tá na traithniní muirnighe thios ar dumhachaibh Mhullacdearg.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall