Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)
- Suíomh:
- Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh ag”
(ar lean ón leathanach roimhe)tamaill d'áthruigh sí amach siar o thuaidh nuair a stad an fhearthainn. Is beag duine a chodluigh chois chladaigh, no ait ar bith eile ac oiread an oidhche sin. Deirigheadh fear a'toighe, chuireadh air a cireach[?] brathach dul amach go bhfeicfeadh sé caide mar bhí ceann an toighe na seasamh amach ac[?] caide'n mhaith do ann. Bhí sé na oidhche comh dubh leis an t-súidhche. Bhí bean a' toighe na suidhe fosda aghaidh shnaighte bhán ar an chreatúr, buideal uisge choisrioctha eadar lámhaib aici agus nuair a thiocfaidh seideán níos cruaidhe agus níos tréine no ceann ar bith da dtainig roimhe chraitheadh sí an t-uisge choisrioctha thart fath chisteanach. Ámannaí deirfeadh sí urnaighthe, agus diarrfadh sí ar fear an toighe eist[?] ceann achuir ar an pháidrín. Rud a rinneadh go minic i gach teach an oidhche léanmhar ceadna. Nuair a thigeadh faoiseamh beag théigheadh fear a'toigh amach deánamh go dtiocfadh leis rud eiginteacht a dheánamh, acht ní rabh gár do ann. Chaithfeadh sé pilleadh isteach arais, agus uchtach a thabhairt don mhuinntir bheaga bhí istoigh a chaoineadh fan teine. Sa deireadh bhánuigh an la agus an té bhí abálta na cosa a choingbheal faoi bhí sé amuigh ag amharc thart ar an scrios bhí deánta ríth na h-oidhche. Bhí scrios deánta gan amhras agus is beag(leanann ar an chéad leathanach eile)