Scoil: Béal na Cruite (Belcruit) (uimhir rolla 5734)

Suíomh:
Béal na Cruite, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Aodh Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 84

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 84

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal na Cruite (Belcruit)
  2. XML Leathanach 84
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Is iomda stóirm agus galadh gaoithe móire a chonnaic mise le mo chuimhne acht measaim féin nach rabh stóirm ariamh san chuid seo den tír agus bhí ann an uair sin ar cuireadh an "Silesia" fa thír thíos annso ar Thráigh Silesia eadar dumhacha an Chéididh ag

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    tabhairt an admaid sin ar siubhal bealach na fairrge imbádaibh beaga na h-áite. Ba é Jonndae Bán as an Clochán Liath bhí i gceannais na h-oibre sin. Cuireadh ar an admaid annsin agus is iomda duine fuair connradh maith an t-am sin. I dtaca leis an bhád de, chaith sí an Geimhreadh, an t-Earrach, agus an Samhradh annsin gan bogadh aistí mar bhí sí thíos ibhfascadh san gainimh. Dimthigh an Captaoin go Doire agus thainig arais le "tug" beag agus inndeoin gur fhiach siad go minic níor eirigh leo an Silesia a chorradh amach as a h-ait. Bhí sí go díreach, dar le duine, go tuirseach den mhásla fuair sí la na doininne nach rabh sí sásta an áit a fhághail go bráthach. Fuaireas bád galach[?] ní badh laidre no an chéad ceann a thainig acht ní rabh maith ann go dtearn sgaifte mor fear an gainimh a thochailt ona taobhanna gur shaoruigh í ona greamanna bhí uirrí ag Traigh na nDóirling.
    Ní iongantas ar bith é gur áthruigheadh ainm na trágha sin agus gur tugadh Tráigh Silesia ar an thráigh ceadna on uair sin amach. Tugadh an Silesia go Innis Mhic a' Duirn an uair sin agus sgrúduigheadh a thoin. Ní rabh dámáiste da
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge