Scoil: Mínbeannaid (uimhir rolla 16668)

Suíomh:
Mín Beannaid, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séumas Ó Dómhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 238

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1058, Leathanach 238

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mínbeannaid
  2. XML Leathanach 238
  3. XML “An Chrúbach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    IV
    Bhí sí go lúthair i bpannc seal
    Le girrfiadh ag bun sléibhe ná ag bárr
    Go dtainic Éamonn Ó Dubáin as Toraigh
    Is gur amharc sé ar a cab sa chárn
    D'amharc sé uirthi siar fan leat deiridh
    Is d'éirigh sí na seasamh i léim
    Sráid Gort an Coirce gur ghlan sí
    'S bhí a cuid fhéin de'n mhargadh léi
    Beir sceala uaim siar cun na Rosan
    Ionnsair an Dalac dar bainm do Aodh
    Gur éaloigh an crúbach as Toraigh,
    'S go deachaidh sí 'nonn ar an Ghaoth
    A samhailt ní rabh ins an tsaogal seo
    A's ní fhactas ariamh go fóill
    'Gus 'sé chluinim ar maidin Dia hAoine
    Gur bhuail sí an cladach faoi sheól
    Maise, ' Éamonn Uí Dhubaigh i dToraigh
    Dar mo chúise, níor mhaith liom do bhó
    Ná ba tusa an fear cliuteach i mbaile
    Ba subhach a bhí seal i dtigh an óil
    Dá mairfeadh an chrúbach i d'aice
    Béadh lúdair go farsaing le moin,
    Is mór bh'fheárr léithe siubhal ar an talamh
    Ná imtheacht amach go tír mór
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seumas Ruadh Ó Dómhnaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Mághnus O Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gleann na hEilte, Co. Dhún na nGall