Scoil: Acres (uimhir rolla 10827)
- Suíomh:
- Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eilis Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Acres
- XML Leathanach 70
- XML “Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sideóga.
Bhí beirt buachaill ag baint preataí í gcuidhreann tá corradh le leath-chéad bliadhainn ó shoin.
Chuir siad síos teine bhéag i bhfasgadh spinnce, agus bhí siad ag rostadh preataí dobhtha fhéin.
Ní rabh siad i bhfhád ag rostadh go dtáinig fear béag baoideach amach as sgoil a bhí ins an spinnc le culaith dearg air agus dubhairt sé leo, “Tóg an teine amach as seo”, tháinig sgannradh ar an buachaill óg, agus thóisigh an buachaill a ba sine ag gaire faoí. Le sin thóg an duine béag a lámh agus thúg sé slap do agus tionntuigh sé a bhéal siar go dtí a cluas.
Rith an bheirt abhaile agus a gcroidhe ina mbéil aca agus d’innis siad s’a máthair an rud a tharla.
Ní rabh an buachaill abalta cainnt go maith agus d’innis an buachall óg ann an sgéal dí.
Thúg a mháthair an buachall go dtí an sagart agus dubhairt sé paidir os a chionn agus i gcinn seachtmhaine no mar sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh Ní Bhraonáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Na hAcraí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighidh Ní Domhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Leac Eidhneach, Co. Dhún na nGall