Scoil: Ára Mhór (uimhir rolla 15995 or 16384)

Suíomh:
Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Antoine Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1060, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1060, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ára Mhór
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “Seanscéal - Nóra Nic a Smailc agus Eoghan 'ac a Cailc”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    “Ó a mhadaid ruaidh” arsa Nóra “suid an bás”. “Cá bhfuil sé?” ars an madadh ruadh. “Le mo dhá shúil a chonnaiceas agus le mo dhá cluais a cualas, agus i mbún mo choisc atá sé”. Phill an madadh ruadh leo agus casadh gearrfiadh [orra]?
    “Ó a gearrfhiaidh” arsa Nóra “suid an bás”. “Cá bhfúil sé?” arsa gearrfiadh “Le mo dhá shúil a chonnaiceas, le mo dhá chluais a chualas, agus i mbun mo chóisc atá sé”, arsa Nóra Nic a Smuilc. Phill an gearrfiadh leobhta agus d’imtigh siad. Annsin casadh Gearán Bán orthú.
    “Ó a Ghearan Bháin” arsa Nóra,”suid an bás”. “Cá bhfúil sé?” arsa Gearán Bán “le mo dhá shúil a chonnaiceas, le mo dhá chluais a chualas, agus i mbun na choisc ata sé”, arsa Nóra Nic a Smuilc. Phill an Gearán Bán leobhta agus d’imtigh an tiomlán aca gur casadh abhainn in a mbealach orra. Bhí tuile san abhainn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT2021: The Cock and the Hen
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Nic Suibhne
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leadhb Gharbh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brighid Nic Suibhne
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Leadhb Gharbh, Co. Dhún na nGall