Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 093
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Fhocla.
1. Níl aon duine bocht acht an té a bhfuil fuath ag Dia air.
2. Cá bith dh’fhág Dia amach damh ní thig liom é a dhíol.
3. (Cá) Is fearr paidir mall no gan é a rádh ar chorr ar bith.
4. Ní lá na gaoithe lá na scoilb.
5. Síleann gach máthair gur ar a paiste fhéin eirigheas an ghrian.
6. Is bocht an sagart na bhfuil cléire aige.
7. Is tibhe fuil nó uisge.
8. Tá nead beag níos teo no nead mór.
9. Is lom guala gan dearbhrathair nuair a thig fir ilathait.
10. Sa bhaile atá an gaol.
11. Lán chuid gaolta gann chuid cháirde.
12. Na trí cáirde is fearr ná trí namhaide is measa, teine, gaoth, uisge.(leanann ar an chéad leathanach eile)