Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cheudna. Dar leis fhéin:
“Caithfidh rud éighinteacht a bhéith ar thóin na locha.”
D’éirigh sé de léim ‘na sheasamh agus chuaidh de léim síos ins an áit a bhfacaidh sé an colmán ag teacht aníos; agus fuair sé caisleán thíos ar thóin an locha a bhí déanta d’umha agus bean óg ‘na seasamh ag an teinidh agus scian ‘na láimh agus maide ádhmaid agus í ag gearradh slisneach de. D’fiafruigh sé díthe goidé a thug annsin í; agus dubhairt sí leis go rabh sí ag suirghe le beirt chlann ríghte.
“Agus” ar sise “pósadh ar fhear acú mé; agus athair an bhuachalla eile d’imthigh agus chuir sé faoi gheasaibh é agus rinne sé colmán de agus d’fhág sé ‘na shuidhe ar bhárr gheafta m’athara é. Agus ní rabh mise a fhágáil oidhche nó lá acht ‘mo shuidhe ag bun an gheafta ag coimhead air. Annsin d’imthigh m’athair agus rinne sé an caisleán seo domh agus d’fhág sé annseo mé ag gearradh slisneacha agus ag déanamh colmán dóbhta.”
“C’ainm atá ar d’athair?”
“Rí na Foraoise” ar sise.
“Anois” ar seisean bheirfidh mise(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall