Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “Eachta an Mhairnealaigh”
Bhí fear críon liach ar an bháile seo fad ó shoin agus ní rabh aige acht é fhéin. Rachadh gasraí an bháile a d’airnéal go minic chuige. Oidhche amháin da rabh siad aige d’iarr dúine aca air sgéal a innse. Maise arsa seiseán is dona mo doigh agaibh no tá mé on t-saoghal agaibh ag sgeulaidheacht agus le na chois sin níl sgéal ar bith agam nach bfhuil innsigh fiche uair agam daoibh. “O” níl tú gan sgéal éiginteacht a bheith agat go foill arsa fear de na gasraí a bhí cineal dana. Bhal arsa an Mairnealach os ar mo chrann a thuit sé comhrad a chonghbhail libh innseochaidh mé sgéal daoibh fa dtaoibh da oidhche da rabh mé amuigh ar an fharraige nuair a bhí mé ar na “Soithigh”. Sin an guth a fuair a freagra agus sgairt achán fear amach “crann do shlainte leat a Mairnealaigh”. Thoisigh an Mairnealach “Nuair a bhí mise og agus gan morán ag cur buadhartha orm(leanann ar an chéad leathanach eile)