Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)
- Suíomh:
- Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Giolla Bhrighde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)m’fhocal ríoghamháil duit, má chuidigheann tú liom-sa an íoc-shláinte atá ag d’athair a fhagháil, go gcuideochaidh mise leat na geasa atá ar d’fhear a sgaoileadh” ar seisean.
“Siubhal leat” ar sise.
D’imthigh an bheirt le chéile agus níor stad siad go rabh siad ag teach a h-athara rí na Foraoise.
“Gabh isteach annseo agus iarr buaidh na Foraoise” ar sise.
Chuaidh sé isteach agus d’iarr buaidh na Foraoise. Shín an rí tuagh dó as a láimh
“Gabh amach anois, agus bain slís de’n chrann sin amuigh” ar seisean.
Chuaidh sé amach; agus an cheud shlís a bhain sé anuas thuit sí ar an talamh agus d’fhás crann i n-áirde aisti a bhí comh ramhar leis an chrann a bhí sé a bhualadh. Bhuail sé slís eile anuas agus d’fhás crann eile an dóigh cheudna go rabhthar ‘á cheangal istoigh fá dtaobh de’n chrann. Tháinic sise isteach annsin ‘fhad leis agus sháith sí a naprún faoi’n t-slís agus thug sí dó i gcúl a dhuirn í.
“Gabh isteach anois” ar sise “agus tá buaidh na Foraoise leat”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Óg Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall