Scoil: Loch an Iubhair (uimhir rolla 16829)

Suíomh:
Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraic Mac Giolla Bhríghde
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1063, Leathanach 187

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1063, Leathanach 187

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Loch an Iubhair
  2. XML Leathanach 187
  3. XML “Scéal na bhFiann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgeul na bhFiann.
    Bhí Goll inam amhain ag imtheacht amach soir na dTuatha. D’iarr a bhean air gan dul bealach Bun an Mhuicis. Bhí sé faoi gheasa rud ar bith a d’iarfadh bean air gan é a dheanamh. Chuaidh sé soir ag Bun an Mhuicis agus caidé casfadh dó ar an bhealach acht ban-tsigí. Bhí sí ag cur achán chár air agus í ag dul roimhe ar achán chaiscéim.
    Tharraing sé a bhróg uirthi agus bhuail ins an Luirgín í. Tháinig naoi neinthir naoi nuaire de bheocagaí nimhe amach as a corp. Bhí sé ag troid leo agus iadsan a ithe beo baitheacha, bhí siad ag dul dó ariamh gur chuir siad isteach ar charraig Ghoill é thíos ar d’ón “Ros Goill”.
    Tháinig an bhean agus d’iarr sí air na beocagaí a bhí marbh aige a ithe. Bhí sé ag dul a dheanamh sin acht bhí sé faoi gheasa agus ní thiocfadh leis an rud a d’iarr sí air, a dheanamh.
    Seo na focla a dubhairt sé annsin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seaghán Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Baoighill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Doire na Slua, Co. Dhún na nGall