Scoil: An Tor

Suíomh:
An Tor, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Monagail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 2

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 2

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tor
  2. XML Leathanach 2
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    B’éigean dí bainne a thabhairt daobhta in áit an tae. Nuair a bhí an biadh thart, d’éirigh an sagart agus mo ghar athair amach ?? go tóin an toighe. Dubhairt an sagart le mo gar athair mo tabhrann tú amach an t iománaidhe leis an cead scairt, bearfaidh mé ceann de na gearrfiadhacha duit. Bí an teach giota fada ar shiubhal. Rinne sé scairt amháin, agus dubairt sé “scrios ón fhear thuas oraibh bí amuigh ??” Thug sé amach an tiománuidhe leis an cheud scairt. Chuaidh an sagart ag ?? gáiridh agus dubhairt sé is agat atá an sgeadamán is fear a cualaidh mé ariamh de shean-duine go h aosta leat. Tá do gearrfhiadh bainte agat ?? uaim anois. Phill mo ghar athair isteach an toighe leis an ghearrfhiadh ag mo ghar mháthair agus “dubhairt sé léithe, “Bruith seo dhuit fhéin, tá mise ag gabháil síos go Gaoth Dobhair leis an t Sagart a sheilg coiníní i mbáireach,” D’imigh said leóbtha.
    Bhí ailse ar liobar mo ghar áthair. Lá ar na bhárach nuair a bhí said ag gabhail anonn tráigh Machaire Gathlán, d’iaffruigh an sagart de mo ghar athair, “ca fhad an ailse sin ar do liobar”. Dubhairt sé “bliadhain go leith. Chuir mo gar áthair suas a láimh agus dubhairt sé “ó sgrios ón fear ?? tá sé ar shiubhal damh”. Arsa an sagart “an bhfeiceann tú an bhinn ?? sin astoigh i dTorraigh. Dúirt mo gar athair “go bhfeiceann”. Chuir mise ?? ailse isteach sa bhinn sin”. “O scrios ón fhear tuas ort a Athair, is tú ?? fearr a tháinig mé ariamh.
    Thoisigh said a sheilg coiníní agus fuair said cuid mhór ?? Bhí áthas mór ar an t sagart leis an méid coiníní a fuair said ?? Bí áthas mór ar mo ghar athair an ailse a fhághail ar shiubhal dó ?? bheadh sé ag caint ar fad air. Rachaidh muid suas na bhaile anois arsa’n sagart lé mó ghar athair. Chuaidh said suas agus fuair said i ndin???
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Ruaidhrí Mac Suibhne
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Maighread Nic Suibhne
    Inscne
    Baineann