Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 40
- XML “Seán Amaideach”
- XML (gan teideal)
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rinne sí gáire. Bhí lúthgháir mhór ar an rígh nuair a fuair an inghean biseach. Sgáirt sé ar Shéan agus thug sé ór agus airgead dó. Pósadh Séan agus an inghean annsin agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach.
(gan teideal)
“Cuir síoda ar ghabhar ...”
Cuir síoda ar ghabhar 'sé an gabhar i gcomhnuidhe é.
Éist le fuam na h-abhanna 's gheobhaidh tú breac.
An té nach ndeán i ghnoithe i n-am béidh sé na phlé-seam.
An té tá bréagach tá sé lochtach.
Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an fóghmhar i gcomhnuidhe.
Is deacair ollann a bhaint dé ghabhar.- Tá sé i bhfos tá sé thall tá sé ag Seán ar a chuid bídh. Tá sé fríd an sáile liath, 's gan é níl blas ar uibh. (Salann)
Corcán ór lán de feól beo. (Mearacán ar mheár.) - Bhí gasúr beag ann uair amháin agus tháinig an sagart isteach aige, agus chuir sé ceist air an rabh fhios aige an Teagasc Críosta. Dubhairt an gasúr go rabh fhios aige cuid dí. Chuir an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Conall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann