Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 41
- XML “Scéal”
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sagart ceist air cé mhéad Dia ann. Á caidé maith i bheith ag cainnt ar Dhia. Nach dtiocfadh liom fhéin rud i dhéanamh nach dtiocfadh le Dia i dhéanamh.
Bhó - bhó arsan sagart ní thiocfadh le duine ar bith sin i dhéanamh. Thiocfadh liomsa i dhéanamh arsa'n gasúr. D'éirigh an gasúr ón chathaoir agus d'iarr sé ar an sagart suidhe síos. Shuidh an sagart ar an chathaoir, anios nach bfeiceann tú deánta é arsa'n gasúr. Ní fheiceann arsa'n sagart. Tá tú maol go maith arsa'n gasúr, nach bhfeiceann tú gur éirigh mise ón gcathaoir sin agus gur fhág mé fear níos feárr nó mé fhéin na suidhe oirthi. - Toit sa choilidh gan teinidh. (Ceo)
Ceathrar na rith agus ceathrar ar crith, beirt ag deánamh eolais agus roidin ar deireadh
Frg. Sin bó, ceithre cosa na rith ceithre ballán ar crith dhá shúl ag deánamh an eolais agus an ruball ar deireadh.- Bailitheoir
- Éadhmann Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Cuir síoda ar ghabhar 'sé an gabhar i gcomhnuidhe é.
Is feárr focal sa chúirt na púnta sa sporán.
Sí dearbhrathair dón t-sac an mála.(leanann ar an chéad leathanach eile)