Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 65
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Muillean beag amuigh as trí chéad gamhain aici. (Gealach as na réalta.)
Imthigheann sé a's tig sé siúd ar chnoc na h-aitnigh é tig sé leis fhéin a's ní imthigheann sé gan cuideachta. (Bás.)
Níl sé astoigh a's níl sé amuigh, níl sé ar an aer nó ar an talamh. (Fuinneóg.) - Ólann an righ fuigheallach an chait.
Is fearr fuigheal brachain na fuigheal magaidh.
An té nach ndeán i gnaoithe i n-am béidh sé 'na pléseam.
An té tá buadhartha bíonn sé bogaidigh.
An té is lugha céill is cóir a réir a chead uair.
An rud is orainn a bith b'fhéidir gurb é a leas uilig é.
Fear gan piopa fear gan leithsgeal, bean gan leanbh bean gan sgríste.
An té tá saor caithfeadh sé cloch.
An té tá breagach tá sé lochtach.
Cuir síoda ar an ghabhair as sé an gabhair i gcomnuidhe é.
Is binn béal na thost.
Is binn béal na chomhnuidhe.
An té is lugha eolas is é is mó cainnte.
Níor bhris focal maith fiacal ariamh.
Triallfaidh mo thorramh tráthnona Dia h-Aoine nó ar maidín Dia Domhnaigh fríd na boithre más mian leat, tiocfaidh Neilí agus Nóra agus óg mná na tíre agus béidh mé ag éisteacht leo faoi na fóidibh as mé sínte.
Cé bith ar treise leis lann, bíodh aige an gadhar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Comhghaill
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Comhghaill
- Inscne
- Fireann