Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 73
- XML “Paidir”
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luighim ar mo láimh dheis, codhluighim ar mo láimh chlí, diúltaigheam do'n ainspiorad agus comhnuigheam leis an Spiorad Naomh. A Mhaighdean Mhuire bhí ag mó cheann a Eóin Baiste bhí ag mo bhonn. Teachtaire Dé in ionad Críost bhí agam go gcuirfidh ola Chríost ar m'anam dílis a d'fhulaing Iosa ar an chrann. Ceithre coirneáil ar mo leabaidh, ceithre h aingle go raibh annsin, Dia go raibh amuigh, Dia go raibh astoigh, Dia is Críost go raibh fá dtaobh d'en teach. Mó thigeann gáth orm is mé mo codladh, Dhia muscail mé, Dhia cuidigh liom anois agus ar uair mó bhais Amén.
A Mhuire na ngrás, a mathair Mhic Dé go gcuiridh tú ar do leas mé, go Sabhlochaidh tú mé ar gach uile olc. go sábhlochaidh tú mé idir anam is corp. Go sábhlochaidh tú mé ar muir a's ar tír go sábhlochaidh tú mé ar leic na bpian, gárda na naingeal a's mo cheann Dia róim agus Dia liom.
Bhí mé ag siúl ar thalamh beannuigh, is casadh damh an Mhaighdean Bheannuigh. Bhí seacht gcóróinn Mhuire léithe ina láimh. seacht gcoinnle lasta ar gach taobh. seacht sagairt a leigheamh. seacht gclog a bualadh. Geaftaí na bFlaithis a foscladh agus dorsacha Aifrinn a dhruid. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Máighread Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Dualrach Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann