Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus goidé a bhí ann acht néal a bhris ar thoabh an chnuic os cionn Thoigh an Phobail.Ní rabh i bhfad go d'táinig tulle mhillteanach anuas ag tiomáint grágan, fóide, agus gach rud. Ní rabh na píopaí faoi Thoigh an Phobail ábalta na fóide agus gach rud a leigen síos. Rinne an t-uisge loch mhór taobh amuigh de Teach an Phobail. Sa deireadh chuaidh an t-uisge isteach i d-Teach an Phobail agus roimhe bhomaite. bhí naoi no deich de throighthí de uisge istigh.Duine ar bith a bhí ábalta teicheadh, theich sé. Duine ar bith a bhí ábalta snámh bhí sé ag sábhail daoiní agus ghá d'tabhairt suas ar an staighre. Báitheadh an cléireach agus cupla duine eile.