Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an mhaighistir agus bhí an t-eallach lán go bréagh. Chuaidh sé amach maidín lá thar na bhárach leis an eallach arís. Rinne sé an cleas ceadhna. Nuair a bhí sé thuas ar chrann ag ithte na n-ubhall thainig fear eile de na fáthaigh, dubhairt sé le Crothbharr “mharbh tú mo dhearbhrathar agus bainfidh mise an luath sin [asaosa]? indiu”.
Thúsaigh an troid agus marbh Crothbharr é. Chuaidh sé na bhaile an oidhche sin agus níor leig sé a ghath air fhéin.
D’eirigh sé go breagh luath maidín lá tar na barach agus chuaidh sé amach le na cuid eallaigh agus chuaidh suas ar crann na n-uball. An lá seo arís tainig fear eile de na fathaigh agus dubhairt sé le Crothbárr gur mharbh sé a dhá dearbhráthar agus go mbainfheadh seisean sin as indiu. Thoisigh an troid agus mhairbh Crothbharr é, nuair a bhí sé marbh aige chuaidh sé anonn go dtí an teach a bhí aca.
Bhí sean bean na suidhe sa chlúdaigh agus bhí dhá chárr aicí ag dhéanamh croisín duithe agus mharbh Crothbharr í. Annsin chuaidh sé amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruic Ac' Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruic Ac' Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Seascann Beag, Co. Dhún na nGall