Scoil: Doire Beag (B.)
- Suíomh:
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Liam Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair a bhí siad ag cainnt ar seo, thainig capall deas bán anuas an tráigh ar chos in áirde agus marchach ar a dhruim. Bhí an marcach gléasta go deas, claidheamh óir ina láimh aige. Ní raibh fhios ag duine ar bith cé é fhéin.
Bhí sé fhéin agus an dobhar cú in am mhaith. Thoisigh an troid aniar agus siar an tráigh aca. Bhí an cailín óg ag coineal ar thaobh Crothbharr ar fad. Sa deireadh steall Crothbharr an do’n dobhar-cú. Comh luath agus bhí sin deanta aige bhí sé ag brath imtheacht ar chos in-áirde arís nuair a fuair an cailín óg greim ar a chois ag brath é a tharraingt anuas ach ní thainig a ghath léithe ach an bhróg.
Ní raibh fhios ag duine ar bith cé é a shábhail an cailín. Dubhairt sise annsin cé a bhfóirfheadh an bhróg dó, gur sin an fear a mhairbhuigh an dobhar-cú. Cuireadh an bhróig thart ar achan dhuine ach ní bhfuarthas duine ar bith a bhfóirfheadh sí dó.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruic Ac' Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádruic Ac' Gallcobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Seascann Beag, Co. Dhún na nGall