Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)imtheacht go dtí an choillidh agus a rún a innse do chrann ar bith a rabh dúil aige agus go bhfuigheadh sé biseach.
Rinne an bearreadóir seo. Chuaidh sé go dtí an choillidh agus d'innis sé a rún do chrann. Fuair sé biseach agus tháinig sé chun an bhaile slán.
Bhí fear eile ins an áit. Ceoltóir a bhí ann. Bhris sé a chruit agus b'éigin dó ceann eile a dhéanamh.
D'imthigh sé go dtí an choillidh fá choinne giota adhmaid a fhagháil le cruit úr a dhéanamh. Rinne sé cruit úr. Thoisigh sé a sheinim agus cheol sé go rabh cluasa capaill ar an rígh.
D'innis an ceoltóir sin do gach duine agus chualaidh an rí é. Chuaidh sé fhad leis an bearradóir agus chuir ceist air ar innis sé a rún do duine ar bith agus dubhairt seisean nár innis acht gur b'éigin dó é a innse do chrann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Caitlín Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall