Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 051
- XML “Gasúr agus an Sagart”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí gasúr ag buachailleacht, thrí ghabhar astoigh i bpáirc mhór, agus an chuideachta a bhí aige, na gabhar.
Lá amháin tháinig sagart thart, agus bhí sé ag caint leis an ghasúr. Chuir sé ceist ar an ghasúr cá mhéid Dia ann.
Dubhairt an gasúr nach rabh fhios aige, caide rud Dia. Dubhairt an sagart go rabh Dia amháin ann, agus go rabh trí pearsa i nDia. Dubhairt an sagart go rabh sé ag dul a chur ceist air, an rabh fhios aige ar sin.
D'imthigh an sagart. Fá chionn seachtmhaine, tháinig an sagart arais agus chuir sé ceist ar an ghasúr, cá mhéid pearsa(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Srath Máirtín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Srath Máirtín, Co. Dhún na nGall