Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 079
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí cúigear fear ann am amháin agus chá rabh fhios aca caidé an rud asal.”
Bhí cúigear fear ann am amhain agus cha rabh fhios aca caidé an rud asal. Chuaidh siad a luighe oidhche amhain agus mhuscail siad as a gcodladh agus mhothuigh siad trup agus d'iarr an t-athair ar na mic a ghabhail amach go bhfeicfeadh siad caidé bhí contráilte. Chuiadh na mic amach agus chán fhachaidh siad a dhath.
D'éirigh an t-thair é fhéin annsin agus chuaidh sé amach agus chonnaic sé asal na sheasamh sa cruaic agus cha rabh fhios aige caidé a bhí ann.Sgairt se ar na mic a theacht go bhfeicfeadh siad an rud a bhí sa cruaic. Ó arsa an t-athair athair mór na ngeirrfiadhacha agus scaoil siad an asal bhocht.Fuair Seamus Mac Eacmarcaigh, an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Eacmarcaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dubhchon
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Doire Chonaire, Co. Dhún na nGall