School: Cnoc na Naomh
- Location:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc na Naomh
- XML Page 20
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí fear ann in am amháin agus ní rabh fhios aige cá h-áit a gheobhadh sé bean mhaith le na chuid airgid a chongbhail.”
(continued from previous page)a bhí ag fás san gharradh a shnathadh leis an bhá. Nuair a d'imthigh fear an toighe chuir sise fá dhéin an bhuisteóra go mairbhfeadh sé an bhó dithe. Mharbhuigh seisean an bhó agus nuair a d'imthigh sé rann sise an bhó ar an chál.
Nuair a thainig fear an toighe an oidhche sin dubhairt sise "Rann mise an bhó agus an cál ar a chéile." "Caidé a dubhairt tú" arsa seisean, "Tá, gur mharbhuigh mé an bhó" arsa sise. "Ó tchídhim, tchídhim, " arsa seisean " gur ag éirigh amaideach atá tú". Ar maidin an lá thar na bhárach nuair a bhí sé ag imtheacht dubhairt sé "Sábhail an t-airgead seo fá choinne na coise tinne". Ní luaithe a d'imthigh fear an toighe na seo isteach fear agus é bacach. "An tusa fear na coise tine" arsa sise. " Is mé go díreach" arsa seisean. "Bhal seo airgead a d'fág fear an toighe fá dó choinne" arsa sise. Nuair a fuair sé an t-airgead d'imthigh sé agus é breágh sásta
Nuair a thainig fear an toighe an oidhche sin dubhairt sise. "Bhí fear na coise tine annseo ó shoin agus thug mé an t-airgead a d'fág tú fá na choinne dó.""Orú amaideach a bhí tú agus amaideach a béas tú" arsa seisean. "Tarraing an doras amach in dó dhiaidh" arsa seisean "agus caithfidh muid imeacht chruinnuighadh" Thóg sise an chomhlaith ó na h-innsí agus d'imthigh sí 'na dhiaidh. D'amharc seisean na dhiaidh agus tcídh sé ise agus an chomhlaith ag teacht "Cá bhfuil(continues on next page)- Collector
- Aodh Mac Gabhna
- Gender
- Male
- Address
- An Ardaidh Bheag, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Brighid Bean Mhic Eachmharcaigh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Caoldroim Uachtarach, Co. Dhún na nGall