Scoil: Gleann Sál (uimhir rolla 12627)
- Suíomh:
- Gleann Sál, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: P. Ó Ceithearnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Sál
- XML Leathanach 278
- XML “Ridire an Gháire Dhuibh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbaile aghus dubhairt sé go bhféachfadh sé leis an t-ádmhadh a thabhairt leis ar dhruimh na h-oill phéiste agus go bhfuigheadh sé inghean an ríogh le pósadh.
D'imthigh sé ag an rí agus bheannuigh sé do'n rí agus bheannuigh an rí dhó.
Feicim “ ar seisean go bhfuil t-inghean le fághail ag fear ar bith a thabharfas an t-ádmhadh ag an gcúirt.
Tá ars an rí, agus ionghantas an domhain air, ní fhacha sé aon fhear chomh deas leis.
Is misneamhail an fear thú arsa an rí acht sílím go mbeidh do cloigheann ós cionn mo dhorais mhóir mar atá go leór aca.
D'imthigh sé leis ina coilleadh in áith a mbíodh an oill-pheist.
Rug sé ar chrann agus tharraing sé as an talamh é. Thug sé an tadhmhadh ag an gcúirt agus dinnis an rí dá inghin é.
Caithfhidh tú an oill-phéist a mhárbú.
D'imthigh sé agus mharbhuigh sé an oill-phéist agus níor tháinigh sé abhaile go ceann fada. Bhain sé bárr na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Chraith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Fionnaithe, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Aodhagán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Cill Bhríde, Co. Mhaigh Eo