Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 172](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1046%2FCBES_1046_172.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 172
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 172
- XML “Partharlan Mór”
- XML “Fothair Eamoinn Óig (Ainm Áite)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí stócach ann fad o shoin darbh ainm do Eamonn Óg. Bhíodh sé i gcómhnuidhe sa’ chnoc leis féin. Lá bréagh samhraidh amháin, chuaidh sé ‘na chnuic, agus chuaidh sé amach ‘na fairrge. Shuidh sé síos agus thuit sé ‘na codhladh.
Bhí sé ‘n-a chodhladh annsin agus tháinig bean fhad leis agus mhusgal sí é. D’iarr sí air ghabhail abhaile agus d’éirigh sé ‘na seasamh agus d’amharc sé thart. Bhí sgaifte mór sidheoga ag teacht anios an ált, ag tárraing air. Chuaidh an bhean síos fhad leobhtha agus dubhairt sí, “Pilligidh, Pilligidh, tá sé seo faoi mo chomairce”.
Phill siad agus bhain Éamonn Óg an baile amach comh tiugh agus thiocfaidh leis. Baisteadh Fóchar Eámoinn Óig ar an áit sin o shoin.