Scoil: Mín na Croise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Choileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 237

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Croise
  2. XML Leathanach 237
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    go rabh siad ins na flaithis.
    D’imthigh an duine bocht leis, agus shiubhal leis fríd draoighean agus dreasógaí, anuas le h-alltaibh agus fríd gleanntaibh agus ach an chearn a ba [cnapanaighe]? agus ba deacaireach a siubhail ariamh go dtainig an oidhche air agus nuair a bhí sé ag éirigh dorcha connaic sé solus agus dar leis fhéin go racadh sé go n-iarradh dídeán na h-oidhche ar bunadh an toighe an oidhche sin agus go rachadh sé i gcionn an t-siubhail i dtús an lae arais.
    Chuaidh sé isteach agus dfiafruigh sé a bhfuigheadh sé foras go maidin agus dubhairt siad leis go bfuigheadh. D’fiafruigh siad do ca rabh sé ag dul agus dubhairt sé leobhtha go rabh sé dul na bflaitheas. Agus [h-ubhradh]? Leis ar ndóiche go rabh astar fada faoi.
    D’iarr sé greim bidh a dheánamh réidh do agus rinneadh. Chuaidh sé isteach ‘un t-seomra agus nuair a bhí sé na shuidhe deánamh codach, bhí pioctúir na Maighdeanna Muire agus a Leanbh astoigh crochta in - áirde os a chionn. Bheir sé ar ghiota de’n arán agus sín sé chuig an phioctúir é agus le sin shín an leanbh a lámh amach cuige agus dubhairt an Maighdean Muire. “Tá muid-sinne agat sa anocht ach bheídh tusa againne ambárach”.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní g Congail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín an Draighin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Cailín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Mín an Draighin, Co. Dhún na nGall