Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí a dheánadh agus dubhairt sé “Stad de sin”. Bhudh gearr gur mhothuigh sé ceann eile. Stad de sin, no brisfidh mé do mhuineal”. Ní rabh aon fhocal as do bheul gur mhothuigh sé ceann eile. Thárraing sé buille an óird mhóir ar a dheárbhrathair agus mharbuigh sé é.
Thoisigh an t-oganach a bhí anuas an crann ag gáiridhe. D’aithin an fathach gurabh an t-óganach a bhí anuas an chrann a bhí a dheánamh. “Caithfidh mise deireadh a chur leat-sa” arsa’n fathach. Thug sé rúchladh amháin ar an chrann agus thug sé an crann amach ar an talamh agus thuit an tailliur anuas as an chrann. Shin sé clár fhad leis an fhathach agus nuair a chonnaic sé an gníomh a bhí deánta aige, ghlac an fáthach an eagla. Ní rabh moill eagla a chuir i ndiúl dó’n fathach agus dubhairt sé. “Caithfidh tusa a bhí abhaile liom-sa i n-áit mo dheárbhrathar. Béidh cinnte arsa’n tailliúr. Bean mhor fiadhanta atá ann mo mháthair agus nuair a tcífear tú i na sgannruigh.
Bhí dhá fhiacal i dtoiseach a béil a dheánfadh steafóg in a bar. Bhí naoi troighthe, naoi n-uaire idear a dá cíoch agus airde Osgar ann a dá boinn. Agus leoga ní rabh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádruig Mac g Congail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Mín an Draighin, Co. Dhún na nGall