Scoil: Mín na Croise
- Suíomh:
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire C. Ní Choileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Croise
- XML Leathanach 256
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Crios Mhuire mo Chrios
Crios na gCeithre gCros
Crios in-a rughadh Iosa
(Os cionn a thumba)
“Éirigh a mháthar a’s gabh fhad leis an bhean atá ingéibhinn báis”
“Éirigh fhein a mhic as Tú is feárr baist an leanbh as fág an bhean slán.Tá sé sgriobhtha as Tumba Mhuire anois.
Nach bhfuil aon duine a déarfas an paidir seo
Trí h-uaire ach uile lá.
Nach bhfeicidh an Mhaidhgean Mhuire
Trí h-uaire roimhe a bhás.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- A Iosa mhilis a’s a Iosa ceannsa
Go lionaidh tú ar gcroidhe-sa lan de annsacht
A Iosa Críost na h-Óige uaisle
Cuidigh linn anois is i n-am ar gcruadh-cásGach uile fháilte rómhat a Naomh Muire, a mhathair Dé, a Rioghain Flaithis, a Gheaftaí Phárthais, a Bhan-tíghearna an Dómhain, a bhfuil dóigh ort fíor glan. A bhean beannuighthe rugadh tú gan peacadh na sinnsear. D’iomchur tú ar Slánnighthear Iosa Críost ann do bhroin beannuighthe gan sol, gan spot go geanmhnaidhe roimhe iomchur, dhá iomchur indhiaidh iomchur.
Och, chum Iosa deán eadarguidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire C. Ní g Congail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Croise, Co. Dhún na nGall