Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.) (uimhir rolla 10842)

Suíomh:
An Cheathrú Cheanainn, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Áine Ní Dhochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1074, Leathanach 35

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1074, Leathanach 35

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathramhadh Ceanainn (C.)
  2. XML Leathanach 35
  3. XML “Béaloideas fá Thoraigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na coigeile d'iarr sé ar Cholmcille dá mba é a thoil é seo a tharraingt as a chois. Rinne Colmcille iongantas mór de seo - ag rádh gur shíl sé gur sa talamh a chuir sé an choigeal. D'iarr sé párdún air.
    Chuaidh Colmcille agus a chuid fear fríd an oileán annsin. Dimthigh an fear agus d'fholuigh sé istigh i gcró beag agus é scannruithe. Shíl Colmcille gur cheart dó iad a thabhairt isteach sa chró agus biadh a thabhairt daobhtha. Nuair a chuaidh Colmcille isteach sa chró bhí a cheann istigh sa bhac rompa. Dubhairt Colmcille annsin

    "Dubhgann críon liath,
    Siúl aniar agus siúl siar,
    Éirigh arís gan bhiadh,
    Guidhim-se ar Rí na Rann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Nuala Bean Uí Ghallchobhair
    Ainmneacha eile
    Nuala Bean Uí Ghallchobhair
    Nuala Ní Dhubhgháin
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Easa, Co. Dhún na nGall