Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)

Suíomh:
Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Éamonn Mac Dhúrnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 222

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1076, Leathanach 222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Druim na Rath
  2. XML Leathanach 222
  3. XML “An tÓr a Fuair Domhnall Ó Stráin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Char labhair an t-athair go ceann tamaill, agus annsin dubhairt sé go rabh an cuibhreann sin a dtolamh deacair le h-oibreadh cionnus go rabh an cairn mór chloice in a lár agus go rabh se a dtolamh ins an bheallac.
    "Bhal, leóga," arsa Domnall," ní bhéid se a bhfad ins an bheallach, no thoisigheochaidh mé i mbarach, agus togfaidh me gach cloch atá ins an cairn sin agus cuirfidh me claidhe maith cloiche thart fa'n cuibhrinn sin le na cloicibh."
    "Sé mo chomhairle duit," ars'an t-athair, na bain leis an chairn sin, no chualaidh mé na sean-daoine a radh go mion agus go minic nuair a bhí mé óg gur áit uasal an cairn ceadna agus go dtiocfadh droc-rath ar duine ar bit a mbainfeadh leis, agus ar an adhbhar sin, a Mhich Ó, na bain leis an cairn sin."
    "Níl ins an cannt sin acht pisleóga" arsa Domhnall, agus caidé an dóigh a mbéadh cairn cloice mi-adh a cur ar duine ar bith? le cuideadh de toisigheochaidh me air ar maidín i mbarach."
    Chuir an t-athair in a éadan, an mheid a bhí ann a chorp, a radh go mbeadh an cairn as an beallach a bfad ó shion, acht amháin ins an tsean-aimsear bhí eagla ar gach fear a bhaint leis an cairn, agus is cinnte go rabh rud inteacht ann - bfeidir corp duine marbh - agus mar a deirfeadh na sean-duine, "Fág maith go leor leis-féin.
    Acht cha rabh Domhnall sasta. Char bain sé leis an cairn go ceann cupla lá, acht maidin an tríomhadh lá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamonn Mac Dhúrnáín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)