Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 229
- XML “Na Lochlannaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gidh go bhfuil sé níos mó ná míle bliadhain ó aimsear na Lochlannaigh bíonn na daoine tuatha ag cainnt fa dtaobh díobhtha go foill. Níl sgeal ar bith ameasg na daoine fa dtaobh do troid a rinne na Lochlannaigh ach tá eagla a gcorp ar na sean dhaoine go dtiocfaidh siad lá eigin-teacht agus go marbhfadh siad a'ch a'n daoine thart fa'n áit. Tá sgéaltaí acú ar an scrios a rinne na Lochlannaigh ar na daoine ins an am fad ó, agus teisteann siad dúinn go fóill na h-áiteacha a rinne na daoine a dhul i bhfolach ann nuair a bhí na Lochlannaigh ag teacht."Dane's Forts', atá ar na h-áiteacha seo i mBéarla. Acht se mo bharamhail féin gurbh é muintear na h-áite a rinne iad, le dul i bhfolach ionntú nuair a bhíodh dainsear ar bith comhgarach. Uaimh isteach faoin talamh atá ann gach ceann acú, tá béal bheag chaol orthú agus níl bhéadh acht duine amháin ábalta a dhul isteach le chéile, taobh istigh eirigheann an uaimh bréagh mór agus bheadh cuid mhaith daoine ábalta a dhul a bhfolach i gceann acu.Tá triúr acú seo i gCorain Bhinne, agus duine ar bith nach rabh fhios aige ar an áit a bhfuil iad, bheadh sé iontach deacair iad a fhaghail amach. Tá an triúr acú i líne amháin, agus da réir na sean-daoine tá an triúr acu ceangáilte le chéile agus go rabh duine ábalta a dhul ó cheann amháin go dtí an ceann eile faoi an talamh gidh go bhfuil míle ó'n chéad uaimh go dtí an ceann direanach.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)