Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 245
- XML “Seanáiteacha i gCluain Dá Chorcach”
- XML “Sagairt den Aimsir Pheannaideach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag na daoine ins an paróiste seo, fa dtaobh dó an dóigh a cuireadh deireadh le na da mhainistear mór sin.
- I gceart-lár an sean róilig ag an Chluan Da Chorcaigh tá leach os cionn uaigh, agus seo an rud atá scriobhthu ar an leach sin, (Se i mBearla atá sé scriobhtu)"Pray for the Soul of the Rev Enos McBride who died 31st January 1793 aged 84 years. R.I.P. Cuir i gcas gur bhaineas muid 84 as 1793 tcidheas muid gur rugadh Eanos san bhliadhain 1709. Sé sin i lár aimsir an bhainrioghain Áine, agus ar an adhbhar sin chaithfidh se a behith beo, nuair a bhí an Dlighe Peannaideacha a badh mheasa a bhí againn ariamh ann. Ag an am sin ní rabh chéad ag Gaedheul óg ar bith ag dul na scoile, agus shaoil an muintear Galda ní beadh Sagart ar bith ins an tír roimh a bhfad.D'éirigh Eanos Mac Ghiolla Bhrighde suas, da reir a cheile, gasur ciuin cliste a bhí ann gan moran le radh, acht thug daoine fa dear go rabh se i dtolamh ag smaointeadh agus ag meabhradh. Ghid nach rabh scoil ar bith thart fa'n áit a mbeadh sé ábalta a dhul le foglam a deanamh is íontach an rud é nuair a bhí sé oct bliadhain dheag de aois bhí cuid maith foghlaim aige, agus chuirfeadh duine ceist caidé an dóigh a fuair sé é? Togadh Eanos comhgarach le cnamha an t-sean-mhainistear Cluain De Corcaigh agus ghidh gur dóigeadh an mainistear san(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)