Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 261
- XML “Cluain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Se ballaí na roilige atá faghtu ann anois, a san am a chuaidh thart trí no ceithre chéad bliadhain o shion bhí mainistear mór ann agus is le braithre Naoimh Phriónsuis a bhí se. Tá sgeál ameasg na daoine annseo go fóil fa dtaob an dóigh a togadh an mainistear sin an cead uair.Aibreann siad go rabh fear na chomhnuide ins an Innis Éoghain bordaig ar cúig chéad bliadhain o shoin. Fear saidhbhear a bhí ins an fhear ceadna acht mo bhrón se fear olc a bhí an agus chaith sé droc-shaoghal go rabh se na fear meadhan aosta. Ní deachaidh un Aifreann ar Dia Domhnaigh agus bhí se a dtolamh ag ithte agus ag ól agus shaoil se féin go rabh sean-am breágh ar fhad aige. Acht thuit sé tinn am amháin agus leóga, bhí se tinn da rairibh. Shaoil ach a'n duine go rabh se ag dul a fhaghail bháis. Tháinic eagla a chorp ar an fhear - eagla go rachadh sé síos go h-Ifreann agus thoisigh sé ag scartaigh ar shagart. Tháinic an sagart chuige agus d'eisg se a fhaoistin. Cibé coír a bhí deánta ag an fear chuir se aithrighe trom air. Dubhairt an sagart go gcaithfeadh sé triuír mhainistear a chur suas ag trí áiteacha a rabh Cluain mar ainmeacha orthu. Fuair an fear biseach as an tinneas trom a bhí air agus dubhairt gurb e an sagart a leasadh é, agus thoisigh se ag cuartughadh fa choinne na trí h-aiteacha le na mainistearu a chur suas. Fuair sé áit amháin comhgarach leis an áit a rabh se féin na chomhnuide. Se sin an Cluan Mhanaigh ins an Inis Eoghain. Fuair sé an dara Cluan i gConndae an nDoire, se sin an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)